Mo-chean do theacht, a chláirseach: dán ar chláirseach Aodha Duibh Uí Dhomhnaill (†1537)
DOI:
https://doi.org/10.58480/SCS-4tnyg-4p672Abstract
Maireann dán gairid (14 rann) dar tús Mo-chean do theacht, a chláirseach in dhá lámhscríbhinn a breacadh sa seachtú haois déag. Cuireadh an dán in eagar in Irisleabhar Muighe Nuadhad (Breathnach 1931: 39–40) agus in Filí agus Filidheacht Chonnacht (Ó Raghallaigh 1938: 197–99). Dá fheabhas na heagráin sin, níor cuireadh nótaí ná aistriúchán ar fáil, ná ní dhearnadh aon phlé ar chúlra ná ar ábhar an dáin. Tá an dán in eagar agam as an nua san alt seo. Tá cuid de na tagairtí sa dán doiléir, ach déanaim amach gur cumadh é d’Aodh Dubh Ó Domhnaill (†1537) thart ar an mbliain 1512 nuair a rinne sé oilithreacht ar an Róimh. Is é seo an t-aon dán a cumadh ar Aodh Dubh Ó Domhnaill atá tagtha anuas chugainn, go bhfios dom. Tá an dán i measc líon beag dánta i gcorpas fhilíocht na scol ina moltar an pátrún trí mholadh a dhéanamh ar earra dá chuid.
Downloads
Downloads
Published
Issue
Section
License
Copyright (c) 2026 Dublin Institute for Advanced Studies (School of Celtic Studies)

This work is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
