Duan na Feirsde: dán ar chath Fearsaid Mhór, 1567
DOI:
https://doi.org/10.58480/SCS-g9fs2-z9zfrAbstract
Uilliam Óg Mac an Bhaird a chum an dán seo, a dtugann an file ‘Duan na Feirsde’ air, d’Aodh (mac Mhaghnais) Ó Domhnaill tar éis do Chineál Chonaill bua suntasach a bhaint amach ar fhórsaí Sheaáin Uí Néill i gcath Fhearsaid Mhór, a thit amach ar 8 Bealtaine, 1567. Cur síos ar an gcath féin agus ar an méid a tharla ina dhiaidh atá sa chuid is mó den dán, ach tá roinnt rann ag déanamh cur síos ar luach an dáin féin, agus ceithre rann ag an deireadh ag moladh bhean an phátrúin, Fionnghuala iníon Mhic Dhomhnaill, ‘an Inghean Dubh’. Tá an t-eagrán thíos bunaithe ar an aon chóip amháin de a mhaireann, i LS G 167, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Foilsíodh tras-scríbhinn den dán seo in ABM sa bhliain 2010 le heagarthóireacht éadrom déanta air. Tá aistriúchán Béarla ar an dán curtha ar fáil anseo, chomh maith le plé ar ghnéithe den teanga agus den mheadaracht sa réamhrá agus sna nótaí.
Downloads
Downloads
Published
Issue
Section
License
Copyright (c) 2026 Dublin Institute for Advanced Studies (School of Celtic Studies)

This work is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
