Beannacht duit, a Dháibhíth Óig: dán do Dháibhíth Óg de Barra (†1604/5) ar a theachtin aois

Authors

  • Philip Mac a’ Ghoill

DOI:

https://doi.org/10.58480/SCS-g722n-rb5f8

Abstract

Chum Domhnall (mac Taidhg) Ó Dálaigh an dán seo in 1604 nó 1605 do Dháibhíth Óg (mac Dháibhíth mhic Shéamais) de Barra (†1604/5), ag tabhairt léargais dúinn ar chodanna éagsúla dá shaol. Luann an file an t-oideachas a fuair an pátrún nuair a bhí sé óg, turas a rinne sé go Londain le hachainí a dhéanamh ar an Rí Séamas I, agus a phósadh le hEilís Puidhéar, iníon Ristird Puidhéar (4ú Barún le Puidhéar, †1607). Tá an t-eagrán thíos bunaithe ar an gcóip is luaithe de a mhaireann, i LS 23 D 4, Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann. Foilsíodh tras-scríbhinn den dán seo in ABM sa bhliain 2010 le heagarthóireacht éadrom déanta air. Tá  aistriúchán Béarla ar an dán curtha ar fáil anseo, chomh maith le plé ar ghnéithe den teanga agus den mheadaracht sa réamhrá agus sna nótaí.

Downloads

Download data is not yet available.

Downloads

Published

01-12-2024

Issue

Section

Articles

How to Cite

Mac a’ Ghoill, P. (2024). Beannacht duit, a Dháibhíth Óig: dán do Dháibhíth Óg de Barra (†1604/5) ar a theachtin aois. Celtica, 36, 237-256. https://doi.org/10.58480/SCS-g722n-rb5f8

Most read articles by the same author(s)