Mithigh th’athdhúsgadh, a Aodh — dán ag brostú Aodha Uí Dhomhnaill (†1600)
DOI:
https://doi.org/10.58480/SCS-axbgc-dxazqAbstract
Chum Uilliam Óg Mac an Bhaird (†1576) an dán seo am éigin idir na blianta 1566 agus 1576 d’Aodh Ó Domhnaill (†1600), ag cur in iúl dó go raibh clú agus rath a theaghlaigh agus a thiarnais ag fulaingt le linn a ré mar nach raibh go leor ar siúl aige le iad a chosaint agus a chur chun cinn. Tá an t-eagrán den dán atá curtha ar fáil anseo bunaithe ar an aon chóip amháin de a mhaireann, i LS G 167, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Foilsíodh tras-scríbhinn den dán seo in ABM sa bhliain 2010 le heagarthóireacht éadrom déanta air. Tá aistriúchán Béarla ar an dán curtha ar fáil anseo, chomh maith le plé ar ghnéithe den teanga agus den mheadaracht sa réamhrá agus sna nótaí.
Downloads
Downloads
Published
Issue
Section
License
Copyright (c) 2025 Dublin Institute for Advanced Studies (School of Celtic Studies)

This work is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
